Rúin
Rúin
le Patricia Scanlan aistrithe ag Freda Mhic Oireachtaigh
Is cuid den tsraith de leabhair ghearra ó Open Door iad le haghaidh léitheoirí atá ag forbairt a scileanna, agus anois tá siad aistrithe go Gaeilge den chéad uair le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus tá siad go hiontach le haghaidh daoine atá ag foghlaim na Gaeilge.
A-foirm, clúdach bog | 80lch | ISBN 9781905494620 | Dáta Foilsithe: Meitheamh 2007
Ní féidir le Cáit glacadh le dífhostaíocht a fir cheile. Ta sí féin agus Liam ag stracadh leis an saol chun na billí a íoc. Níl go leor airgid acu do bhronntanais na Nollag dá gcuid leanaí. Agus ní chabhraíonn comharsa maiteach leis an sceal ach an oiread. Ansin cuireann Cairmeal, seanchara le Cáit, glao uirthi a rá go mbeidh sí ag teacht ar cuairt go luath. Tá Cairmeal galanta agus saibhir - tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach rud aici. Cad a dhéanfaidh Cáit? Níor inis sí do Chairmeal go raibh Liam as obair agus tá sí róbhródúil a admháil go bhfuil siad i gcruachas. Ach tá rún dá cuid féin ag Cairmeal.