Na Tógálaithe
Na Tógálaithe
le Maeve Binchy aistrithe ag Lorraine Ní Dhonncú
Is cuid den tsraith de leabhair ghearra ó Open Door iad le haghaidh léitheoirí atá ag forbairt a scileanna, agus anois tá siad aistrithe go Gaeilge den chéad uair le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus tá siad go hiontach le haghaidh daoine atá ag foghlaim na Gaeilge.
A-foirm, clúdach bog | 104lch| ISBN: 978-1-90549-465-1 | Dáta Foilsithe: Eanáir 2007
Cónaíonn Nan léi féin ag Uimhir 14 Bóthar na gCastán. Tá tógálaithe le teacht chun obair a dhéanamh ar an teach folamh béal dorais, tá a thuairim féin ag gach duine fúthu. Dar le triúr páistí fásta Nan nach bhfaighidh sí nóiméad síochána. Ach nuair a stopann veain lonrach Derek Doyle taobh amuigh d’Uimhir 12, tá sceitimíní ar Nan. Agus nuair a iarrann an tógálaí dóighiúil ar Nan mistéir a fhuascailt, an mhistéir a bhaineann le himeacht na ndaoine a chónaigh ann roimhe, fásann cairdeas speisialta eatarthu. Ach mar a fhaigheann siad amach go luath, ní mar a shíltear a bhítear. Agus deacrachtaí clainne agus forbróirí maoine mí-ionraice ag fanacht leo, tá cúrsaí ar tí éirí an-chasta…