Aithníonn an Fhuil a Chéile
Aithníonn an Fhuil a Chéile
le Roddy Doyle aistrithe ag Hannah Ní Dhoimhín
Is cuid den tsraith de leabhair ghearra ó Open Door iad le haghaidh léitheoirí atá ag forbairt a scileanna, agus anois tá siad aistrithe go Gaeilge den chéad uair le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus tá siad go hiontach le haghaidh daoine atá ag foghlaim na Gaeilge.
Formáid clúdach bog | 100lch | ISBN 9781848408951 | Dáta Foilsithe: Lúnasa 2023
Tá Danny Ó Murchú ag dul le bualadh lena dheartháir Jimmy. Ní fhaca siad a chéile le níos mó ná fiche bliain. Ar an mbealach chuig an gcruinniú, is cuimhin le Danny na tréimhsí maithe agus na drochthréimhsí, an spraoi agus na troideanna – agus an t-achrann mór amháin a scar iad. An dtroidfidh siad arís nó an mbeidh siad ina gcairde mar ba ghnáth leo a bheith? Níl a fhios ag Danny.