Is Gearr...
Is Gearr...
le Marian Keyes aistrithe ag Máire Nic Mheanman
Is cuid den tsraith de leabhair ghearra ó Open Door iad le haghaidh léitheoirí atá ag forbairt a scileanna, agus anois tá siad aistrithe go Gaeilge den chéad uair le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus tá siad go hiontach le haghaidh daoine atá ag foghlaim na Gaeilge.
Formáid clúdach bog | 92lch | ISBN: 978-1-90549-464-4 | Dáta Foilsithe: Eanáir 2007
Tá Lísa marbh - ach ní thuigeann sí é go fóill. Is ait léi é nuair a dhéanann daoine neamhshuim di agus gan uaithi ach beagán tuisceana. Bhí sí i dtimpiste! An lá dár gcionn, agus í istigh ag obair castar beirt spiorad uirthi. Seoladh Siobhán agus Séimí chuici leis an drochscéala. Ach níl Lísa ré le himeacht. Caithfidh sí slán a fhágáil fós. Tá seantaithí ag Siobhán agus Séimí ar a leithéid. Agus cuidíonn siad le Lísa slán is céad a rá sula n-imíonn sí sall.