What's That As Gaeilge? An English-Irish Phrasebook
What's That As Gaeilge? An English-Irish Phrasebook
le Garry Bannister
Conas a deir tú as Gaeilge: ‘the icing on the cake,’ nó ‘the acid test,’ nó ‘my Irish is a little rusty’? Is comhleabhar idéalach é seo don fhoinse thagartha úd ar a bhfuil buanghnaoi an phobail Proverbs in Irish atá foilsithe ag New Island freisin.
Formáid clúdach bog | 320 lch | ISBN 9781848407336 | Dáta Foilsithe: Meitheamh 2019
Cuideoidh ‘What’s that as Gaeilge? le foghlaimeoir ar bith na nathanna laethúla is coitianta i mBéarla a aistriú go Gaeilge ghroí ghasta. Soláthraíonn na teilgin chainte sa leabhar seo aistriúcháin shlachtmhara mar aon, más gá, le tagairtí cultúrtha dá macasamhla coibhéiseacha sa Bhéarla. Faightear go minic freisin sa lámhleabhar seo caint a bhfuil blas biliúil uirthi agus ar uairibh eile, Gaelscoilis – i. béarlagair na nGaelscoileanna. Feabhsóidh agus neartóidh na nathanna Gaeilge atá curtha ar fáil sna haistriúcháin uile saibhreas teanga na léitheoirí i gcomhair scrúduithe béil ar bith. Más mian le duine a stór teanga a mhaisiú nó é a dhéanamh níos ceolmhaire agus níos comhráití, cuirfidh What’s that as Gaeilge? le líofacht agus rithim na cainte dóibh. Is leabhar idéalach é seo do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i scéimh, saibhreas agus saíocht na Gaeilge.