Proverbs in Irish
Proverbs in Irish
le Garry Bannister
Tá seanfhocail cosúil le daoine – is féidir leo bheith greannmhar, brónach, sean, óg agus fiú sliocht dá gcuid féin a bhreith. Ach is féidir leo freisin neart eolais a thairiscint maidir le beatha ár muintire, foinsí ár gcultúir, agus stair na haimsire as ar tháinig siad uile chugainn.
B-Foirm clúdach bog | 320 lch | ISBN 9781848405905 | Dáta Foilsithe: Márta 2017
Tá na seanfhocail i bhfad níos mó ná nathanna cliste. Is fuinneoga iad ar aimsir atá imithe go deo uainne. Is bóthar aitheantais iad a threoraíonn chuig ár muintir féin. Uaireanta cuireann seanfhocal fánach focail ár dtuismitheoirí nó ár seantuismitheoirí i gcuimhne dúinn nuair a chloisimid athuair a nglór geanúil ag roinnt go mánla saíocht shaibhir ár sinsear linn. Tairgeann an leabhar seo seanfhocail thraidisiúnta mar aon le nathanna gaoise ón litríocht, ón mBíobla agus ó dhornán de theangacha iasachta.