Teasáras Gaeilge-Béarla | Irish-English Thesaurus
Teasáras Gaeilge-Béarla | Irish-English Thesaurus
le Garry Bannister
Leac mhullaigh éachtach é TEASÁRAS GAEILGE–BÉARLA | IRISH–ENGLISH THESAURUS ar obair shaoil an údair, Garry Bannister. Ócáid chinniúnach staire í i leith staidéar na teanga agus a cultúir. Agus beagnach 700,000 focal iniúchta ann, is leabhar tagartha é nach bhfuil a mhacasamhail ar fáil inniu. Taifead cuimsitheach é a nochtann scéimh, solúbthacht, doimhneacht agus stair na Gaeilge, bronnta ar an saol mar thoradh ar an taighde fhairsing chríochnúil atá déanta ag Bannister.
ISBN: 9781848408098 | clúdach crua | 1064 lch | Dáta Foilsithe: Bealtaine 2023
Cuimsíonn an Teasáras seo comhchiallaigh, cleachtaí agus nósanna cainte, comhcheangail fhocal, leaganacha logánta agus seanfhocail. Léiríonn na hiontrálacha sa Teasáras seo peirspictíochtaí úra nach mbeifí ag súil leo sa teanga faoi mar a bhí sí inné agus mar atá sí inniu. Is áis an-úsáideach ar fad do stór focal an úsáideora iad na liostaí atá breactha de réir téama ar feadh an leabhair. Anuas ar sin tá cuntas nuálaíoch ar oibriú na Gaeilge nua-aoisí curtha faoinár mbráid i dTreoir Ghramadaí i gcúl an leabhair.
Cuireann TEASÁRAS GAEILGE–BÉARLA saibhreas suntasach nua le corpas téacsanna tagartha na Gaeilge. Acmhainn áisiúil, riachtanach, is ea í, agus taisce dhothomhaiste do chainteoirí, scríbhneoirí agus iriseoirí, d’údair, d’aos dána agus do lucht foghlama agus, go deimhin, do dhuine ar bith a dteastaíonn uathu slacht, snas agus snoiteacht a chur ar a scileanna teanga idir labhairt agus scríobh na Gaeilge.