Peig Sayers Vol. 2: Níl Deireadh Ráite / Not the Final Word
Peig Sayers Vol. 2: Níl Deireadh Ráite / Not the Final Word
by Pádraig Ó Héalaí & Bo Almqvist
Níl Deireadh Ráite foilsíonn sé den chéad uair, i nGaeilge agus i mBéarla, taifeadtaí Peig Sayers de chuid Ospidéal Naomh Anna 1952, a rinne foireann ó Choimisiún Béaloideasa Éireann.
Formáid clúdach bog | Audio QR Link | 347lch | ISBN 9781848408463 | Dáta Foilsithe: Bealtaine 2022
Duine de shárscéalaithe na Gaeilge
In Eanáir 1952, sé bliana sula bhfuair Peig Sayers bás, thionscain Coimisiún Béaloideasa Éireann agallaimh léi agus í in ospidéal Naomh Anna, Baile Átha Cliath. Bhí Peig thar a bheith sásta labhairt lena cuairteoirí a raibh Gaeilge Chiarraí ar a dtoil acu agus seanaithne aici orthu.
Foilsítear den chéad uair in Níl Deireadh Ráite na hagallaimh sin mar aon le réamhrá tathagach, tráchtaireacht agus aistriúchán Béarla ar an iomlán. Cuireann Peig i láthair anseo seanscéalta idirnáisiúnta, scéal Fiannaíochta, finscéalta taistealacha, seanchas stairiúil agus sísheanchas, roinnt paidreacha, agus tá cúpla léaráid óna mac, Mícheál Ó Gaoithín, mar anlann leo. Léiríonn na taifeadtaí a bua mar scéalaí oilte, a hacmhainn grinn, a móreolas ar scéalta traidisiúnta agus a cumas máistriúil á gcur i láthair trí shúile mná. Buanaíonn an saothar seo ionad Pheig mar dhuine de shárscéalaithe na Gaeilge agus cinntíonn sé go bhfuil a cuid scéalaíochta le háireamh ar scoth na healaíne béil sa tír seo.