Peig sayers Vol. 1: Labharfad le Cách / I Will Speak to You All
Peig sayers Vol. 1: Labharfad le Cách / I Will Speak to You All
Anótáilte agus aistrithe ag Professor Bo Almqvist and Dr Pádraig Ó Héalaí.
Tugann Labharfad le Cách le chéile den chéad uair na taifeadtaí a thóg an BBC agus RTÉ uaithi i 1946, 1947 agus 1953, mar aon le haistriúcháin Bhéarla orthu.
Formáid clúdach bog | 334 lch | ISBN: 9781848408456 | Dáta Foilsithe: Meitheamh 2022
‘Ach cérbh í Peig Sayers?’
Níorbh í in aon chor an tseanbhean ologónach í ar chuir na glúnta de dhaltaí scoile aithne uirthi. Is léir ó chuntais uathu siúd arbh eol dóibh í gur bhean ghrámhar thuisceanach í a raibh acmhainn grinn inti; bean a fuair blas ar ghal tobac agus ar bhraoinín fuisce, agus a bhí oilte ar chraiceann a chur ar scéal.
Saolaíodh Peig i nDún Chaoin i gCo. Chiarraí i 1873. Thug sí bua na scéalaíochta léi óna hathair agus tugadh a sárchuimhne agus an lé a bhí aici le comhluadar faoi deara go luath. Phós sí iascaire ón mBlascaod agus chaith sí saol cruógach i dteaghlach líonmhar ag déanamh cúraim don seisear leanbh léi a mhair.
Tugann Labharfad le Cách le chéile den chéad uair na taifeadtaí a thóg an BBC agus RTÉ uaithi i 1946, 1947 agus 1953, mar aon le haistriúcháin Bhéarla orthu. Léiríonn siad fairsinge repertoire Pheig idir scéalta cráifeacha, paidreacha, scéalta rómánsacha, scéalta faoin osádúr agus cuntais ar an saol a caitheadh tráth ar an oileán ach go bhfuil a chuimhne ag dul i léig anois.