News and events

Find out more about what’s happening

Seoladh Oifigiúil an Teasárais

Bhí seoladh oifigiúil an Teasárais Gaeilge – Béarla le Garry Bannister i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar an 12ú de Mheán Fómhair. Bhí an Seomra Darach curtha ar fáil don ócáid. Ba bhreá an rogha é don seoladh seo ó thug suíomh agus timpeallacht an tseomra sin atmaisféar galánta agus taibhseach don cheiliúradh oifigiúil a bhí ar siúl.

Bhí slua mór i láthair le scríbhneoirí, filí agus foilsitheoirí eile ina measc. Bhí Tristan Rosenstock, craoltóir, iriseoir agus scríbhneoir, ina óstach ar imeachtaí na hoíche agus bhí Aoife Walsh, an t-eagarthóir coimisiúnaithe ann chun buíochas thar ceann New Island a ghabháil leis an fhoireann uile a bhí ag obair le Garry ar an tionscadal. Dúirt Aoife gur shaothar ceannródaíoch a bhí á sheoladh an oíche sin i stair fhoilseachán New Island Books.

Bhí an tOllamh Alan Titley ina aoichainteoir ag an lainseáil. Chuir an tOllamh in iúl gur chéim mhór stairiúil a bhí á cheiliúradh le foilsiú an chéad Teasárais Gaeilge – Béarla. Ba chaibidil úrnua é i stair fhoclóireacht na hÉireann. Mhol sé an taighde tiarála a rinneadh, an leithne, an chuimsitheacht, an éagsúlacht agus cur i láthair an eolais féin ar leathanaigh uile an leabhair.

Luaigh an t-údar, Garry Bannister, obair iontach an chomhlachta New Island i gcur chun cinn teanga, cultúir agus litríocht na Gaeilge; obair a bhí ar siúl acu le blianta fada anuas. Mhol sé freisin bunaitheoir, úinéir, agus príomhoifigeach feidhmiúcháin New Island Books, Edwin Higel, as a fhiontraíocht agus a fhuinneamh dochlaochlaithe a thug spreagadh agus misneach de shíor do dhuine ar bith a bheadh ag obair leis.

Bhí an oíche stiúrtha ag POF gníomhach, New Island Books, Mariel Deegan, an ceannaire poiblíochta, Des Doyle, agus an Feidhmeannach Léiriúcháin, Cassia Gaden Gilmartin. Bhain gach duine spraoi, sásamh agus ardú croí as an oíche stairiúil seo i scéal acadúil na foclóireachta in Éirinn.

 
New Island Books